An Siopa Leabhar

An Siopa Leabhar Siopa leabhar Gaeilge i lár na príomhchathrach. Irish-language bookshop in Dublin city centre.

Mín na Craoibhe Sa leabhar dátheangach seo, cuireann Diane Ní Chanainn síos ar na hamhráin a cheolann sí ar an albam agu...
05/08/2026

Mín na Craoibhe

Sa leabhar dátheangach seo, cuireann Diane Ní Chanainn síos ar na hamhráin a cheolann sí ar an albam agus míníonn sé an scéal atá ar chúl na hamhráin agus eolas faoin áit a bhfuair sí iad. Tugtar focail na n-amhrán agus aistriúcháin Bhéarla orthu. Labhrann Diane le ceoltóirí mar Máire Ní Bhraonáin (nach maireann), Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Lillis Ó Laoire agus Doimnic Mac Giolla Bhríde agus faigheann sí stair agus scéal na n-amhrán uathu. Ar na taifid de na hamhráin tá tionlacan ag Diane ó Steve Cooney, Dónal O’Connor, Conor McCreanor, John McSherry, Francis McIlduff agus Paul Meehan, chomh maith le tionlacan ó Cheolfhoireann Uladh. Tá réamhfhocal sa leabhar ó Dhónal O’Connor.

Is ceoltóir as croílár thraidisiún Dhún na nGall í Diane Ní Chanainn, amhránaí as Mín Lárach a thugann ceol agus amhráin a ceantar dúchais isteach san aimsir seo gan a mbunús a chailleadh. Tógadh Diane i gceantar Gaeltachta Ghort a’ Choirce i nDún na nGall, atá suite idir an Earagail, Toraigh agus Inis Bó Finne, áit a bhfuair sí a bua ceoil óna muintir agus a seantuismitheoirí. Tá cáil bainte amach ag Diane le fada as a guth binn ceolmhar i gcomórtais agus ar ardáin, agus bhain sí an chéad áit le gairid i gComórtas Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama ag Oireachtas na Gaeilge. Tá dlúthcheangal an teaghlaigh leis an cheol le cluinstin sna hamhráin agus ina guth. Is léir óna cuid ceoil go bhfuil Diane dílis dá ceantar féin, ach go bhfuil sí ábalta seanamhráin a athmhúscailt ar dhóigh atá úr, saibhir agus lán de beocht.

🎧🎵🎶

A bilingual book and music album by Diane Cannon.

Diane Cannon offers a personal insight into the inspiration and cultural background behind the songs featured on the accompanying album. Drawing on conversations and collaborations with the musicians and tradition bearers who shared the songs with her, the book reveals the stories, memories, and living traditions that are at the heart of the music.

The book includes a CD of the recordings, along with links to digital downloads, creating a complete listening and reading experience.

https://www.siopaleabhar.com/tairgi/min-na-craoibhe/

Breithlá an tSiopa atá ann! Osclaíodh an doras den chéad uair ar an lá seo i 1975. Tá lascaine 20% ar leabhair nua agus ...
31/07/2026

Breithlá an tSiopa atá ann! Osclaíodh an doras den chéad uair ar an lá seo i 1975. Tá lascaine 20% ar leabhair nua agus leabhair athláimhe (nach bhfuil ar lascaine cheana) ar fáil as seo go ceann seachtaine ar siopaleabhar.com!

Bain leas as cód 20BREITHE agus tú ag seiceáil amach. Bailí go dtí an 7ú Lúnasa.

Sa siopa féin, is gá “Breithlá Sona don Siopa!” a rá ag an gcuntar (nó an phóstáil seo a thaispeáint) chun an lascaine chéanna a fháil ar leabhair idir seo agus 7 Lúnasa.

It's our birthday! An Siopa Leabhar first opened on this day in 1975. To celebrate, we are offering a 20% discount on new books ordered from siopaleabhar.com, valid from now until the 7th of August!

Use code 20BREITHE at checkout.

If you're coming to the physical shop on Camden Street, you'll need to say “Breithlá Sona don Siopa!” or show this post to get the discount. Valid on non-sale books only new and secondhand (not including schoolbooks), now until 7 August.

www.siopaleabhar.com

An Fochlac FoclachFoclóir comhfhoghar Gaeilge / An Irish Homophone dictionary.Seo foclóir comhfhoghair - leabhar eile ón...
28/07/2026

An Fochlac Foclach
Foclóir comhfhoghar Gaeilge / An Irish Homophone dictionary.

Seo foclóir comhfhoghair - leabhar eile ón dtaiscealaí focal, Rossa Ó Snodaigh. Má bhí leis leis leis leis is cinnte go mbeidh óm óm ogham!(!!!!)

https://www.siopaleabhar.com/tairgi/an-fochlac-foclach/

Acmhainn iontach foghlama do Ghaeilge Uladh! Tá Toirealach Ó Grada ag teagasc Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí ó 1986.Is é seo ...
27/07/2026

Acmhainn iontach foghlama do Ghaeilge Uladh! Tá Toirealach Ó Grada ag teagasc Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí ó 1986.

Is é seo an chéad leabhar sa tsraith Céimeanna Comhrá. Tá ceithre leabhar sa tsraith ar fad.

Is cúrsa cumarsáideach leanúnach é a thabharfaidh an foghlaimeoir fásta ó leibhéal an ghlanfhoghlaimeora go leibhéal an chainteora LÍOFA.

https://www.siopaleabhar.com/tairgi/ceimeanna-comhra-ceim-1/

Essential Irish – Easy Conversation as GaeilgeTreoirleabhar ina léirítear topaicí comhrá, ábhar amháin in aghaidh an lea...
24/07/2026

Essential Irish – Easy Conversation as Gaeilge

Treoirleabhar ina léirítear topaicí comhrá, ábhar amháin in aghaidh an leathanaigh.

Tá rannóg faoi leith do dhaltaí ag ullmhú don Ardteist, tá jócanna ann, agus 20 píosa comhrá i nGaeilge Thír Chonaill.

Tá cód QR leis a threoraíonn an léitheoir/t-éisteoir chuig leagan taifeadta de na comhráite sin agus giotaí eile.
Accessibly laid out, Essential Irish is a study manual that covers all the basic primarily language skills in a one-page/one-topic dialogue format. With a special section for those preparing for the Irish Leaving Cert oral, a buzz chart, jokes, and 20 dialogues in Donegal Irish, this book is an ideal travel companion for beginners or for those who might want to brush up on their forgotten school Irish.

The QR code on the back cover provides readings of all the conversations in the dialogue sections and in the ten short reading passages at the end of the book. Essential Irish also provides short lists of proverbs, idioms and other materials that are more comprehensively covered in the other books of this same series.

https://www.siopaleabhar.com/tairgi/essential-irish-easy-irish-conversation/

Irish is Fun! Leabhar beag le hAodán Mac Póilín maidir le foghlaim neamhfhoirmeálta na Gaeilge. A cheeky wee book for be...
22/07/2026

Irish is Fun!
Leabhar beag le hAodán Mac Póilín maidir le foghlaim neamhfhoirmeálta na Gaeilge.
A cheeky wee book for beginners that takes the sting out of language learning.

A funny, effective introduction to the Irish language. As well as cartoons, there are 17 carefully graded lessons, with Exercises, Grammar and Vocabulary.

https://www.siopaleabhar.com/tairgi/irish-is-fun/

What's That as Gaeilge? An English–Irish PhrasebookIs féidir an nath Béarla a chuardach agus teacht ar leagan snasta Gae...
21/07/2026

What's That as Gaeilge?
An English–Irish Phrasebook
Is féidir an nath Béarla a chuardach agus teacht ar leagan snasta Gaeilge nach gcuireann fiacail ann! Níl sé seo oiriúnach do pháistí mar gheall ar nathanna gáirsiúla.

Look for an English phrase and find an Irish version that doesn't hold back! Express in Irish the most common idioms from everyday English. The Irish equivalents suggested in this phrasebook are colourful and exciting, many with cultural, mythological and philosophical significance and even a few emerging from the Gaelscoileanna ‘newspeak’. They will improve and enrich your spoken Irish skills for an upcoming oral examination or if you simply want to make your written and spoken Irish a tad more colloquial. This book is ideal for anyone interested in the beauty, flavour and rhythm of the living, modern language.
Not suitable for children due to some adult phrases.

https://www.siopaleabhar.com/tairgi/whats-that-as-gaeilge/

Our FadaFoclóir Comhlitriúchán Cheal Fada / A Fada Homograph dictionary Faigh léargas ar an difríocht a dhéanann an síne...
20/07/2026

Our Fada

Foclóir Comhlitriúchán Cheal Fada / A Fada Homograph dictionary

Faigh léargas ar an difríocht a dhéanann an síneadh fada sa Ghaeilge! Explore the difference that little line over a vowel can make in Irish!

https://www.siopaleabhar.com/tairgi/our-fada-2/

Address

6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath
D02VH98

Opening Hours

Monday 9am - 5pm
Tuesday 9am - 5pm
Wednesday 9am - 5pm
Thursday 9am - 5pm
Friday 9am - 5pm
Saturday 9am - 4pm

Telephone

014783814

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when An Siopa Leabhar posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to An Siopa Leabhar:

Shortcuts

Share

Category