An Siopa Gaeilge

An Siopa Gaeilge Acmhainní Gaeilge don Mhúinteoir & don Fhoghlaimeoir - Irish Language Resources for Teachers and Learners. Dhún na nGall.

Tá An Siopa Gaeilge ar oscailt go laethúil agus é lonnaithe in Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co. Tá rogha ábhair curtha ar fáil i réimsí éagsúla atá oiriúnach don fhoghlaimeoir Gaeilge ag gach leibhéal, idir chúrsaí Gaeilge, leabhair dhátheangacha, nua-scéalta le dlúthdhioscaí, leabhair ghramadaí agus mórán eile. Tá ábhar ilghnéitheach ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge a bhíonn ag plé le daoine fá

sta agus páistí bunscoile agus meánscoile. Tá rogha suntasach againn de leabhair do pháistí, mar aon le réimse leathan postaerí daite, físdhioscaí agus cluichí. Tá rogha iontach de dlúthdhioscaí ceoil, chártaí, fógraí agus cluichí againn fosta. An Siopa Gaeilge is open daily and located at Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall. An Siopa is stocked with a range of products regarded by us at Oideas Gael as of special interest and importance to the adult Irish language learner and to teachers (at adult, as well as primary and secondary level). We carry a wide selection of materials for children and a variety of traditional music resources.

🧶Scéal na dTeicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall🧶😍Tá cáil ar leith ar Chontae Dhún na nGall mar lárionad bh...
02/08/2026

🧶Scéal na dTeicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall🧶

😍Tá cáil ar leith ar Chontae Dhún na nGall mar lárionad bhréidín agus olna, agus tá an t-oidhreacht shaibhir sin le léamh sa leabhar nua ‘Scéal na dTeicstílí i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall’

😍Is é stair shuntasach na h-olna, an tsnátha agus an bhréidín le linn an chéid seo caite atá á aithris sa leabhar nua seo

https://www.siopagaeilge.ie/ga/products/sceal-na-dteicstili-i-ngaeltacht-iardheisceart-dhun-na-ngall?_pos=2&_sid=ba64245ce&_ss=r

🤩Muin na Muice🤩👏🏻Tá scríbhneoireacht anseo ó Phroinsias Mac a’ Bhaird, Róise Ní Bhaoill, Laoighseach Ní Choistealbha, Sa...
30/07/2026

🤩Muin na Muice🤩

👏🏻Tá scríbhneoireacht anseo ó Phroinsias Mac a’ Bhaird, Róise Ní Bhaoill, Laoighseach Ní Choistealbha, Sam Ó Fearraigh, Eithne Ní Ghallchobhair, agus Dubhán Ó Longáin, go hiomlán as Gaeilge

👏🏻Entirely as gaeilge, this edition features work from Proinsias Mac a’ Bhaird, Róise Ní Bhaoill, Laoighseach Ní Choistealbha, Sam Ó Fearraigh, Eithne Ní Ghallchobhair, and Dubhán Ó Longáin

https://www.siopagaeilge.ie/products/muin-na-muice-eagran-gaeilge?_pos=1&_sid=1dcc0b5df&_ss=r

28/07/2026

⭐️👏🏻DUBHÁN Ó LONGÁIN 👏🏻⭐️

File, gearrscéalaí, taighdeoir, agus teagascóir Gaeilge é an Conallach Dubhán Ó Longáin. Scríobhann sé ailt ar bhéaloideas na hÉireann don iris Nós agus tá filíocht agus gearrscéalaíocht leis foilsithe in irisí éagsúla. Tháinig an dara cnuasach filíochta leis, I dTreo na gCrann, amach luath sa bhliain 2026 👏🏻

https://www.siopagaeilge.ie/ga

📚TOM A’ BHUNGALO📚✅Chaith Tomás Mac Giolla Bhríghde (1923-2013), nó Tom a’ Bhungaló mar is fearr aithne air, a shaol ag s...
25/07/2026

📚TOM A’ BHUNGALO📚

✅Chaith Tomás Mac Giolla Bhríghde (1923-2013), nó Tom a’ Bhungaló mar is fearr aithne air, a shaol ag saothrú ar mhaithe lena pharóiste dhúchais, Gaoth Dobhair ☘️
Bhí Tom ina bhall d’Aisteoirí Ghaoth Dobhair ó 1938 go bliain a bháis in 2013 mar aisteoir,
mar léiritheoir, mar údar agus mar stiúrthóir ar na hAisteoirí agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair. Bhí tionchar iontach dearfach aige ar ghlúnta éagsúla d’aos óg Ghaoth Dobhair sa Ghairmscoil agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, agus choinnigh sé bladhaire na drámaíochta ar lasadh ina measc. Fís agus fiontraíocht Thomáis agus a chomrádaithe ba chúis le bunú Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair i lár na 1960idí, beart a leag an dúshraith don fhás eacnamaíochta a tharla in iarthuaisceart Thír Chonaill ina dhiaidh sin. Ní dhéanfar dearmad de Tom a fhad is a bheas an t-amhrán álainn ‘Céad Slán leis an Oileán’, a chum sé faoi Oileán Ghabhla, á chanadh. Chomh maith leis sin, léirigh sé a bhuanna mar scríbhneoir cruthaitheach i ndrámaí a scríobh agus a léirigh sé féin, ina measc ‘Shoilsigh Solas sa Dorchadas’, a insint féin ar Pháis Íosa Críost. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh ar Tom in 2005 mar aitheantas as an bhaint a bhí aige le fostaíocht a chruthú sa cheantar agus i gcur chun cinn na n-ealaíon, an chultúir agus na Gaeilge.Gníomhaí Gaelach, fiontraí físeach, draoi drámaíochta

https://www.siopagaeilge.ie/ga/products/tom-a-bhungalo-tomas-mac-giolla-bhrighde?_pos=1&_sid=26a1c6d6f&_ss=r

Address

CILL FHATHNAID
Gleann Cholm Cille
F94R94W

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when An Siopa Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Business

Send a message to An Siopa Gaeilge:

Shortcuts

Share